Thóg Dáiví altóir ansiúd don Tiarna agus d'ofráil íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach. Ghlaoigh sé ar an Tiarna agus d'fhreagair an Tiarna é le tine ó neamh ar altóir an uileloiscthe,
Nuair a bhí a urnaí ráite ag Solamh, tháinig tine anuas ó na flaithis agus dhóigh an íobairt uileloiscthe agus na hofrálacha, agus líon glóir an Tiarna an Teampall.
Tréada uile Chéadar, cruinneoidh siad le chéile duit; beidh reithí Nabáiót ag riar ar do ghá. Rachaidh siad suas agus beidh glacadh leo air m'altóir, cuirfear maise le maise mo Theampaill.
Phreab lasair amach ó láthair an Tiarna agus loisc sí an tsaill ar an altóir. Ar a fheiceáil sin don phobal, chuireadar na gártha áthais suas, agus thiteadar ar a n‑aghaidh.
Stán sé ar an aingeal le scanradh agus dúirt: “Cad é sin, a dhuine uasail?” D'fhreagair an t‑aingeal: “Tá d'urnaithe agus do dhéirc imithe suas i bhfianaise Dé agus tá cuimhne aige orthu.
agus tógtar sibhse féin, faoi mar ba bheochlocha sibh, in bhur n‑áras spioradálta, le bheith in bhur sagartacht naofa le híobairtí spioradálta taitneamhacha a ofráil do Dhia trí Íosa Críost.