Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 20:2

An Bíobla Naofa 1981

Go n‑éiste an Tiarna leat lá an bhuairimh: go gcumhdaí ainm Dia Iacóib thú!

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Ach ghabh Dáiví daingean Shíón, sé sin Dúnfort Dháiví.

Thug siad áirc an Tiarna isteach leo agus d'fhág siad ina hionad í laistigh den bhoth a bhí curtha suas ag Dáiví di. Agus d'ofráil Dáiví íobairtí dóite agus íobairtí comaoineach os comhair an Tiarna.

An fiche banlámh tomhaiste ó dheireadh an Teampaill, thóg sé iad de chláir chéadair ó urlár go fraitheacha, agus thóg sé iadsan ar leithligh mar shanctóir, an t‑ionad sárnaofa.

Ach is tú, a Thiarna, mo sciath; mo ghlóir a thógann mo cheann.

Slánaigh mé a Dhia, le d'ainm; déan mo chúis a agairt le do neart.

nó go ndeachaigh mé i sanctóir Dé is gur thugas do m'aire a gcríoch dhéanach.

Túr daingean ainm an Tiarna, ritheann an fíréan faoina dhéin agus ní baol dó.

Gáirigí le háthas agus liúirigí, sibhse a bhfuil cónaí oraibh i Síón, óir is mór le rá é in bhur measc Neach Naofa Iosrael.”

Cén freagra a thabharfar ansin do theachtairí an chine sin? An méid seo, gurb é an Tiarna a bhunaigh Síón ina háit, agus is ann a gheobhaidh dearóile a mhuintire dídean.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí