Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 2:9

An Bíobla Naofa 1981

Déanfaidh tú iad a bhriseadh le slat iarainn; brisfidh tú ina mbloghanna iad amhail soitheach cré.”

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Ní mheallfaidh an namhaid go brách é, ná ní dhéanfaidh an t‑urchóideach foréigean air,

a bhriseann ar nós soitheach potaire á smísteáil síos gan trua gan taise, - ionas nach bhfuil le fáil sa chonamar oiread agus sligín a chorródh an tine ar an teallach nó a thaoscfadh uisce as an sistéal.”

Óir náisiún nó ríocht nach stríocann duit, caillfear iad, agus déanfar slad ar thíortha iomlána.

Déanfaidh mé iad a ghreadadh in aghaidh a chéile, athair agus mac in éineacht - an Tiarna a labhraíonn. Ní bheidh trua agam, ní choigleoidh mé, ní dhéanfaidh mé trócaire, ach scriosfaidh mé iad.’ ”

agus déarfaidh tú leo: ‘Is mar seo a deir Tiarna na Slua: Brisfidh mé an pobal seo agus an chathair seo díreach mar a bhriseann duine crúsca an photaire, nach féidir a dhéanamh slán arís.

Ardóidh tú do lámha ín aghaidh d'eascairde agus díothófar do naimhde go léir.

Aon duine a thitfidh ar an gcloch úd, áfach, bascfar é, ach cibé a dtitfidh sí air, déanfaidh sí é a bhrú ina cháith.”

Agus rug sí gin mic atá chun na ciníocha go léir a rialú le slat iarainn; agus sciobadh a mac suas chun Dé agus chun a ríchathaoireach.

Bhí claíomh géar ag síneadh óna bhéal chun ciníocha a bhascadh. Déanann sé iad a rialú le slat iarainn agus pasálann sé cantaoir fhíon feirge Dé Uilechumhachtaigh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí