Leanaigí a reachtanna agus a ghnásanna, an dlí agus na haitheanta a scríobh sé daoibh, agus atá le comhlíonadh agaibh i gcónaí go beacht. Ná tugaigí ómós d'aon déithe eile,
Agus d'imigh an pobal go léir leo a ithe agus a ól agus a thabhairt scaireanna uathu agus a dhéanamh gairdis toisc gur thuig siad brí na nithe a fógraíodh dóibh.
Nuair a bhíonn aighneas eatarthu, tagann siad chugamsa agus réitímse na heasaontais idir duine agus a chomharsa agus tugaim teagasc dóibh i dtaobh reachtanna Dé agus a bhreithiúnais.”
Cuireann tú fáilte roimh an dream a chleachtann an ceart agus a mbíonn cuimhne acu ort féin agus ar do bhealaí. Tá fearg ort, agus déanaimid peaca dá ainneoin sin; is fada sinn ag déanamh ceannairce i do choinne.
Nuair a tháinig do bhriathra, d'ith mise iad. Bhí do bhriathar ina ghairdeachas agus ina lúcháir do mo chroí; óir gaireadh d'ainmse orm, a Thiarna, Dia na Slua.
Cad a déarfaimid mar sin? Gur peaca é an dlí? Ní hea ar chor ar bith. Mar sin féin ní chuirfinnse eolas ar an bpeaca murach an dlí. Ní thuigfinn cad is saint ann, ach gur dhúirt an dlí “ná santaigh”.
An bhfuil an dlí bunoscionn le gealltanais Dé mar sin? Níl ar chor ar bith. Dá dtugtaí dlí, áfach, a mbeadh ar a chumas beatha a thabhairt, bheadh fíréantacht ag teacht ón dlí dáiríre;
Déan lúcháir i láthair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia mar áitreabh dá ainm - tú féin agus do mhac agus d'iníon, do shearbhónta fir agus mná, agus an Léivíteach atá ag cur faoi i do bhailte, agus an deoraí, agus an dílleachta, agus an bhaintreach, a chónaíonn in bhur measc.
Déan lúcháir ar an bhféile seo, tú féin agus do mhac agus d'iníon, do shearbhóntaí fir agus mná, an Léivíteach, an deoraí, an dílleachta agus an bhaintreach a chónaíonn i do bhailte.