Is íon í eagla an Tiarna, maireann sí go deo; is fíor iad reachtanna an Tiarna, táid uile go cóir.
Níor chlaon mé ó aithne a bheola, Agus thaiscigh mé briathra a bhéil.
Is milse do bhriathra le mo charball; ná mil le mo bhéal.
Ar an ábhar sin is ansa liom d'aitheanta, ná an t‑ór is mine.
Is fearr liom go mór fada dlí do bhéilse ná na mílte d'ór agus d'airgead.
Ar an ábhar sin beannóidh mé le mo bheo thú agus ardóidh mé mo lámha i d'ainmse.
Is fearr an eagna a aimsiú ná an t‑ór; tóg tuiscint mar rogha thar an airgead.
Ith mil, a mhic, mar is maith í; is milis le blaiseadh an mhil a shileann ón gcriathar.
Is fearr mo thoradh ná ór dá fhíre, agus mo fhómhar ná togha an airgid.
Thóg mé an scrolla beag, más ea, ó lámh an aingil agus shlog mé é, agus bhí sé milis mar mhil i mo bhéal, agus nuair a bhí sé ite agam tháinig casadh searbh ar mo ghoile.