Éist le mo ghuí agus le m'urnaí, a Thiarna, ná tabhair cluas bhodhar do mo ghlao. Óir is aoi mé atá ag baint fúm agatsa i m'oilithreach ar nós m'aithreacha go léir.
Nuair a fheiceann na sléibhte thú, creathnaíonn siad. Scuabann na tuilte tréana ar aghaidh. Ligeann an duibheagán búir; ardaíonn sé a lámha chun neimhe.
Nuair a sheasann sé critheann an talamh. Le leagan a shúl croitear na náisiúin. Bogtar na sléibhte síoraí óna n‑áit; cromann na beanna bithbhuana síos, a sheanbhealaí riamh anall.
Ar an lá sin, beidh a chosa ina seasamh go daingean ar Chnoc na nOlóg, áit atá os comhair Iarúsailéim ar an taobh thoir di. Scoiltfear Cnoc na nOlóg anoir siar ag gleann ábhalmhor, agus bogfaidh leath amháin den chnoc ó thuaidh, agus an leath eile ó dheas.
Níor thúisce an phaidir sin ráite acu ná chrith an áit ina raibh siad cruinnithe; líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag fógairt teachtaireacht Dé go teann dána.
Má tá bua fáidheoireachta agam, eolas ar gach rúndiamhair agus fios gach ní agam agus oiread lánchreidimh agam agus a d'aistreodh na sléibhte ach gan aon ghrá a bheith agam, is neamhní mé.
A Thiarna, nuair a chuir tú chun bóthair ó Shaeír, Nuair a ghabh tú trí chríocha Eadóm, Tháinig crith ar thalamh agus suaitheadh ar neamh, Agus d'imigh scamaill ina mbáisteach.