Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 18:4

An Bíobla Naofa 1981

Glaoim ar an Tiarna dár dleacht moladh, agus déantar mo shaoradh ó mo naimhde.

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Chuaigh sé i gcomhairle leis an bpobal ansin agus chuir sé cantairí an Tiarna, ina n‑éidí beannaithe, ag ceann an tslua lena mholtaí a chanadh, agus á rá: “Molaigí an Tiarna, mar maireann a bhuanghrá de shíor.”

Nuair a chrom siad ar a laoithe mórtha agus molta, rinne an Tiarna luíochán ar fhir Amón agus Mhóáb agus Shliabh Shaeír a bhí tagtha chun Iúdá a ionsaí, agus cuireadh an teitheadh orthu.

Bhí dola an bháis i mo thimpeall, agus pianpháis na huaighe; casadh anró agus anacair i mo threo.

d'éireodh an díle os ár gcionn, agus shlogfadh an tuile sinn.

Shearg mo scornach mar shlige cré-umha, is tá mo theanga ag ceangal de mo charball: leagann tú i luaithreach an bháis mé.

tá scéin orthu agus scaoll, tá siad i bpriacail ar nós mná seolta. Tá siad ag breathnú ar a chéile agus a ngnúiseanna lasta le náire.

Sula raibh an focal as a bhéal, seo Iúdás, duine den dáréag, agus slua mór lena chois a raibh claimhte agus bataí acu, ag teacht ó uachtaráin na sagart agus ó sheanóirí an phobail.

An uair sin féin dúirt Íosa leis na buíonta: “An robálaí mé gur ghluais sibh amach mar seo le claimhte agus le bataí chun breith orm? Bhínn i mo shuí sa Teampall gach lá ag teagasc agus ní dhearna sibh mé a ghabháil.”

Leath an gleo ar fud na cathrach go léir; rith an slua le chéile agus rug siad ar Phól agus tharraing amach as an Teampall é. Dúnadh na doirse láithreach.

Bhraitheamar gurbh í breith an bháis a bhí tugtha orainn, rud a mhúin dúinn gan bheith ag brath orainn féin ach ar an Dia a thógann na mairbh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí