Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 18:22

An Bíobla Naofa 1981

toisc gur choinnigh mé slite an Tiarna is nár imigh mé uaidh ar seachrán.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Lean mo chos go dlúth dá chéimeanna, Chloígh mé lena bhealach gan casadh i leataobh.

Chlaon mé mo chroí chun do reachtanna a chomhlíonadh go beacht agus go brách.

Bí i do thaca agam i dtreo is go sábhálfar mé; coimeádfaidh mé do reachtanna go deo.

Is uime a chloígh mé le do phroiceapta uile, toisc gur fuath liom gach bréagshlí.

Is amhlaidh a d'admhaigh mé le mo bhruasa foraitheanta uile do bhéil.

Rinne mé rogha de shlí na fírinne; chuir mé d'aitheanta os mo chomhair.

Fuair Íosa ina dhiaidh sin é sa Teampall agus dúirt leis: “Féach, tá tú leigheasta. Ná déan peaca feasta le heagla go mbainfeadh rud éigin níos measa duit.”

ansin abairse i láthair an Tiarna do Dhia: ‘Tá an chuid choisricthe go léir curtha as mo theach agam. Sea, thug mé don Léivíteach, don deoraí, agus don dílleachta í, de réir na n‑aitheanta go léir a leag tú orm; níor sháraigh mé aon aithne de do chuid, ná ní dhearna mé dearmad díobh.

Níor chaith mé aon chuid den deachú agus mé ag caoineadh; níor thóg mé aon chuid di agus mé neamhghlan; níor ofráil mé aon chuid di do na mairbh. Ghéill mé do ghlór an Tiarna mo Dhia; rinne mé gach ní mar a d'ordaigh tú dom.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí