Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 17:9

An Bíobla Naofa 1981

ar na peacaigh a imríonn éigean orm. Tá mo naimhde i mo thimpeall go feargach fraochta;

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Cuirfidh mé áit ar fáil do mo phobal Iosrael. Suífidh mé ansin iad agus déanfaidh siad cónaí ina n‑áit féin agus ní chuirfear isteach orthu arís, ní bheidh cos ar bolg á imirt ag na drochdhaoine orthu mar a bhíodh

Nach lánmhar an mhaitheas atá i dtaisce agat don dream lenarb eagal tú, a thugann tú don mhuintir a thriallann ort i bhfianaise na hÁdhamchlainne.

Díolann siad an t‑olc in aghaidh na maithe liom: tá m'anam go brónach.

Go dtugtar náire agus tarcaisne ar an dream atá ar tí mo mharaithe. Go gcuirtear ar gcúl faoi náire lucht beartaithe oilc i m'aghaidh.

Leathadar a líon dom gan chúis: rinneadar uaigh dom gan ábhar.

má thug mé an t‑olc in aghaidh na maitheasa do mo chara, má chreach mé mo namhaid gan chúis -

Ghabh Sól agus a chuid fear feadh taobh den sliabh, agus ghabh Dáiví agus a chuid fear feadh an taoibh eile. Bhí Dáiví ag brostú air ag iarraidh éalú ó Shól, agus bhí Sól agus a chuid fear ag iarraidh Dáiví agus a chuid fear a shárú agus a ghabháil ar an gcuma sin.

Féach, chonaic tú le do shúile cinn inniu gur thug an Tiarna isteach i mo láimh thú sa phluais. Agus bhí siad ann a dúirt liom thú a mharú. Ach lig mé do bheo leat. Dúirt mé: ‘Ní shínfidh mé mo lámh amach in aghaidh mo thiarna, ós é fear ungtha an Tiarna é.’




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí