Ghreamaigh mo chéimeanna go daingean de do shlite, ní dheachaigh mo chosa ar fán ná ar fuaidreamh.
Lean mo chos go dlúth dá chéimeanna, Chloígh mé lena bhealach gan casadh i leataobh.
Dírigh mo chéimeanna de réir do bhriathair; ná gabhadh an urchóid forlámhas orm.
Nár lige sé duit tuisliú go deo; nár dhéana do gharda codladh.
Coimeádfaidh an Tiarna ón uile olc thú; coimeádfaidh sé d'anam.
Thug tú dom sciath do shlánaithe agus choinnigh do dheaslámh go daingean mé.
Réitigh tú an tslí do mo chéimeanna, ionas nár shleamhnaigh mo chosa.
Óir is ionat atá mo dhóchas, a Thiarna, is tú a thabharfaidh freagra, a Dhia liom.
Tháinig na nithe seo uile orainn anuas siúd is nach ndearnamar dearmad ort, is nach rabhamar mídhílis do do chonradh
Nuair a shílim go bhfuil mo chosa ag imeacht uaim, is é do bhuanghrá, a Thiarna, a choinníonn i mo sheasamh mé.
Is maith atá a fhios agat, a Thiarna, nach ann féin atá slí duine, ná ní sa duine a shiúlann atá díriú a choiscéimeanna.
Cumhdóidh sé a dhílsigh ar a mbealach; Ach scriosfar na ciontaigh sa dorchadas, Óir ní bheidh an bua ag aon duine trí láimh láidir.