‘Rachaidh mé sa tóir orthu, agus béarfaidh mé orthu,’ arsa an namhaid. ‘Déanfaidh mé an chreach a dháil; sásófar mo chroí léi. Tarraingeoidh mé mo chlaíomh, agus scriosfaidh mo dheaslámh iad.’
Ach dúirt Forann: “Cé hé an Tiarna seo go n‑éistfinnse lena ghlór agus Iosrael a ligean chun siúil? Táim dall ar an Tiarna agus ní ligfidh mé Iosrael chun siúil.”
Déan croí an phobail seo trom, déan a gcluasa bodhar, dall a gcuid súl, ar eagla go bhfeicfeadh a súile, go gcloisfeadh a gcluasa, go dtuigfeadh a gcroí, go n‑iompódh siad ar ais agus go ndéanfaí a leigheas.’ ”
óir chuaigh croí an phobail seo chun raimhre, d'éist siad le cluasa bodhránta, d'iaigh siad a súile, d'eagla go mbeadh radharc na súl acu, ná clos na gcluas, ná tuiscint an chroí, agus go n‑iompóidís agus go leigheasfainn iad.’
Mar tá croí an phobail seo éirithe dúr, agus lena gcluasa is mall a éisteann siad, agus dhún siad a súile, ar eagla go bhfeicfidís lena súile agus go gcloisfidís lena gcluasa agus go dtuigfidís lena gcroí agus go n‑iompóidís chugamsa agus go leigheasfainn iad.’
[Chaith Iacób bia agus bhí a sháith aige;] Thit Isiriún chun feola agus thug speach. (Thit tú chun feola, chun méithris agus chun gaoithe.) Thréig sé an Dia a rinne é, mhaslaigh sé Carraig a shlánaithe.
Óir, le hainmhianta drabhlásacha collaí, bíonn siad ag mealladh na ndaoine d'éalaigh le déanaí ón muintir atá ag caitheamh a saoil ar seachrán, lena ngártha bladhmannacha baoise.