Tá gairdeas ar mo chroí agus áthas ar m'anam; agus ligfidh mo cholainn a scíth faoi dhóchas.
Tá mo chroí go daingean, a Dhia; tá mo chroí go daingean; canfaidh mé agus seinnfidh mé do mholtaí.
Rinne tú rince de mo chaoineadh dom, a Thiarna; bhain tú díom mo rónéadach agus chrioslaigh tú le háthas mé,
Tá mo chroí go daingean, a Dhia; tá mo chroí go daingean. Canfaidh mé agus seinnfidh mé do mholtaí.
Scriosann a urchóid féin an coirpeach; ach faigheann an fíréan foscadh óna dhea-iompar.
Beidh saol ag do chuid marbhánach arís, éireoidh a gcoirp as an nua; músclaígí, déanaigí gairdeas, sibhse uile atá sínte sa láib; óir is geal é mar dhrúcht do dhrúchtsa, agus tiocfaidh sliocht ar thír na scáth.
Tá gliondar ar mo chroí dá chionn agus tá meidhir ar mo theanga. Tá mo cholainn féin faoi shuaimhneas le dóchas,