Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 15:5

An Bíobla Naofa 1981

nach gcuireann a chuid airgid ar úsaireacht, ‘s nach nglacann le breab in aghaidh an neamhchiontaigh. An té a dhéanfaidh amhlaidh ní bhainfear dá threoir é go brách.

Féach an chaibidil Cóip

29 Tagairtí Cros  

Is méanar don dream a choinníonn an ceart, agus a chloíonn leis an bhfíréantacht de shíor.

Ní chorrófar an fíréan choíche; mairfidh a chuimhne go brách na breithe.

Coimeádaim an Tiarna de shíor i m'intinn: agus é ar mo dheasláimh ní chorrófar mé choíche.

Is sleamhaine a bhriathra ná im, ach tá cogadh ina chroí. Is boige a bhriathra ná ola, ach is claímhte arna nochtadh iad.

Má thugann tú iasacht airgid d'aon bhochtán de mo phobal le d'ais, ná himir cleas an úsaire air agus ná héiligh ús uaidh.

Má thogann tú riamh brat duine mar gheall tabhair ar ais dó é roimh luí na gréine;

Ní chuirfear an fíréan go deo as a láthair, ach ní bheidh áit lonnaithe go brách ag an urchóideach.

Ní dhaingníonn an urchóid aon duine, ach ní bhogfar fréamh an fhíréin go brách.

An té a shantaíonn breis éagórach, tugann sé buaireamh sa mhullach ar a theach; ach an té ar fuath leis breabanna, beidh fad saoil aige.

An té a mhaireann go fíréanta, a labhraíonn go hionraic, agus a chuireann suas do bhrabús na héagóra, a bhagraíonn a lámh chun an bhreab a dhiúltú, a dhúnann a chluas i gcoinne beartais fhola agus a dhruideann a shúile chun nach bhfeicfeadh sé an t‑olc

a staonann ón olc, nach dtugann uaidh ar úsaireacht agus nach nglacann brabús, a chomhlíonann mo dheasghnátha agus a shiúlann de réir mo reachtanna; ní éagfaidh seisean de bharr peacaí a athar, ach mairfidh sé go deimhin.

Arís, má thréigeann an drochdhuine a pheacaí agus déanamh mar is ceart agus mar is cóir, tabharfaidh sé a bheatha slán.

Ní thugann sé uaidh ar úsaireacht, ní ghlacann sé brabús, staonann sé ón olc, tugann sé breithiúnas cóir idir duine agus duine;

Glactar breabanna ionat chun fuil a dhoirteadh; baineann tú brabús agus sochar amach agus tagann i dtír le foréigean ar an gcomharsa. Tá mise dearmadta glan agat - an Tiarna Dia a labhraíonn.

Tá a lámha oilte ar an olc a dhéanamh; bíonn síntiús éigin á lorg ag an ardfheidhmeannach agus is féidir an breitheamh a cheannach le breab agus labhraíonn an fear tiarnais de réir a mhéine féin. Mo chreach! Camann siad an dlí.

agus dúirt: “Cad ab áil libh a thabhairt dom agus tabharfaidh mé ar láimh daoibh é?” Chomhair siad amach chuige tríocha píosa d'airgead geal.

Má tá a fhíos agaibh na nithe sín, is méanar daoibh má dhéanann sibh iad.

Ná tabhair claonbhreith; ná déan leathchuma ar dhuine seachas duine eile; ná glac le breab, óir dallann breab súile an eagnaí agus milleann cás an fhíréin.

Má thugann tú móid don Tiarna do Dhia ná bí mall á comhlíonadh, óir éileoidh an Tiarna do Dhia ort í go cinnte, agus ba pheaca í a dhiúltú.

Seo anseo mé! Tugaigí fianaise i m'aghaidh i láthair an Tiarna agus a ungthaigh! Ar bhain mé a dhamh d'aon duine? Ar bhain mé a asal d'aon duine? An ndearna mé calaois ar aon duine? An ndearna mé leatrom ar aon duine? Ar thóg mé breab riamh ó aon duine le mo shúile a dhalladh? [Má rinne mé] déanfaidh mé aisíoc libh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí