Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 15:1

An Bíobla Naofa 1981

Salm le Dáiví. A Thiarna, cé dhéanfaidh cónaí i do bhoth? Cé lonnóidh ar do shliabh naofa?

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

“Chuir mise mo rí féin i réimeas ar Shíón, ar mo shliabh naofa.”

Leanfaidh cineáltas is buanghrá mé gach lá de mo shaol; i dteach an Tiarna a mhairfidh mé go brách na breithe.

Ach is tú, a Thiarna, mo sciath; mo ghlóir a thógann mo cheann.

Óir is tú mo dhún is mo dhaingean in aghaidh an namhad.

An gealbhan féin, fuair sé teach; fuair an fháinleog nead di féin mar a gcuirfeadh sí a hál ag d'altóirí; a Thiarna na slua, a rí liom is a Dhia.

Beidh na fíréin faoi bhláth mar chrann pailme; fásfaidh siad mar chéadras na Liobáine.

agus má théim agus áit a chur i gcóir daoibh, tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé sibh chugam féin; i dtreo, an áit ina mbeidh mise, go mbeidh sibhse chomh maith.

A Athair, an mhuintir a thug tú dom, is mian liom, an áit ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir, an ghlóir a thug tú dom; mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain.

Ina ionad sin, tá sibh tagtha go dtí Sliabh Shíón agus cathair Dé bheo, go dtí an Iarúsailéim neamhaí mar a bhfuil na mílte aingeal bailithe le chéile go háthasach,

Rinneadh fís dom arís: b'shiúd an tUan ina sheasamh ar chnoc Shíón, agus ina theannta bhí céad agus ceithre mhíle is daichead de dhaoine a raibh a ainm agus ainm a athar scríofa ar a n‑éadan.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí