Is ansin a ghairdeoidh an mhaighdean sa rince, déanfaidh ógánaigh agus seanóirí [meidhir]; fillfidh mise a ndobrón i ngairdeachas; tabharfaidh mé sólás agus faoiseamh ar lorg a ndólás;
Nach maith an bhail a bheidh orthu go deimhin! Nach álainn a bheidh siad! Cuirfidh arbhar bláth ar na hógánaigh agus cuirfidh fíon nua maise ar na maighdeana.
Bhí sé faoin am seo ag teacht i ngar do chliathán Chnoc na nOlóg síos, nuair a thosaigh lánchuallacht na ndeisceabal, agus iad lán d'áthas, ag moladh Dé de ghlór ard mar gheall ar a raibh de mhíorúiltí feicthe acu,