Mairfidh do ríochtsa feadh saol na saol, agus do cheannas go brách na breithe. Is dílis an Tiarna ina bhriathra uile; agus is naofa é ina oibreacha go léir.
Suas leat ar shliabh ard, a challaire an dea-scéala chuig Síón. Ardaigh do ghlór go láidir, a challaire an dea-scéala chuig Iarúsailéim. Ardaigh do ghlór gan eagla, abair le bailte Iúdá: “Seo é bhur nDia.”
Nach álainn ar na sléibhte cosa an té a bhfuil dea-scéala leis, síocháin á craoladh aige, maitheas á fógairt aige, fuascailt á craoladh aige, á rá le Síón: “Tá do Dhia tar éis teacht i réim.”
Ansin shéid an seachtú haingeal a thrumpa. Agus b'shiúd guthaí tréana sna flaithis á rá: “I lámh ár dTiarna agus a Chríost a tharla tiarnas an domhain agus rialóidh sé ar feadh na síoraíochta.”