Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 143:9

An Bíobla Naofa 1981

Fuascail mé ó m'eascairde, a Thiarna; óir chuir mé mé féin faoi do choimirce.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Breathnaím ar mo dheis agus feicim nach bhfuil neach ann a dhéanfadh cúram díom. Níl bealach éalaithe agam; ní chuireann aon neach spéis i m'anam.

Éist, dá bhrí sin, le mo ghlao; óir tá mé i gcorrach na haimiléise. Fuascail mé ó lucht mo ghéarleanúna, óir is treise iad siúd ná mé.

Ach is ort atá mo sheasamh, a Thiarna, deirim: “Is tú mo Dhia.”

Choinnigh tú cuntas ar mo chuid seachrán; tá mo chuid deor i dtaisce i do bhuidéal; nach bhfuil siad arna mbreacadh i do leabhar?

Bíodh trua agat dom, a Dhia, bíodh trua agat óir is ort atá tarraingt m'anama. Ar scáth do sciathán atá mo thriall nó go dtéann an anachain seo tharam.

Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Ná scrios”. Mictam Dháivi nuair a chuir Sól fir uaidh a dhéanamh faire ar a theach d'fhonn é a mharú.

Túr daingean ainm an Tiarna, ritheann an fíréan faoina dhéin agus ní baol dó.

Dá bharr sin tá dhá rud do-athraithe againn anois nach féidir do Dhia bréag a dhéanamh iontu. Tugann siad sólás mór dúinne atá tar éis teitheadh linn chun greim a bhreith ar na nithe a chuirtear mar ábhar dóchais romhainn.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí