Dá bhrí sin tháinig meath ar mo mheanma; agus chalcaigh mo chroí istigh ionam.
Is gearr go mbeidh an dílleachta á chur ar cranna agaibh, Agus bhur gcara á dhíol agaibh ina shladmhargadh.
Urnaí an ainniseora an uair a dhoirteann sé a bhrón agus a bhuairt amach i bhfianaise an Tiarna agus é go tuirseach tnáite.
d'éireodh an díle os ár gcionn, agus shlogfadh an tuile sinn.
Déanaim mo ghearán go dian ina fhianaise; agus nochtaim m'anacra ina láthair.
Nuair a bhí mo spiorad á chloí istigh ionam, b'eol duit féin mo shlí. Sa tslí ina bhfuil mo shiúl cuireadh gaiste i bhfolach romham.
Iompaigh i leith orm le trócaire, óir táimse i m'aonarán angarach.
Tá mo chroí arna chloí ionam istigh: titeann eagla an bháis orm.
Éist le mo ghlao, a Dhia; tabhair cluas do m'urnaí!
Lorgaim an Tiarna in am mo bhuartha; Sínim mo lámha chuige gan sos ar feadh na hoíche, agus diúltaíonn m'anam don sólás.
Smaoiním ar na laethanta a d'imigh; is cuimhin liom na blianta fadó.
Ó bhí sé in anbhroid, ba dhéinide é ag guí; agus bhí a chuid allais mar a bheadh braonta ramhra fola ag sileadh go talamh.