Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 143:2

An Bíobla Naofa 1981

Ná glaoigh ar do ghiolla chun breithiúnais; óir níl aon neach fíréanta i d'fhianaise.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

tabhair cluas ó na flaithis dá n‑impí agus dá n‑achainí, agus seas leo.

An ar a leithéid sin a leagann tú do shúil Agus a thugann tú le breith a thabhairt air os do chomhair?

Céard é an duine go mbeadh sé íon? Agus gin na mná go mbeadh sé fíréanta?

Arbh fhéidir d'aon duine a bheith fíréanta i láthair Dé? Arbh fhéidir don té a gineadh ó bhean a bheith ionraic?

“An féidir do dhuine daonna a bheith cóir i láthair Dé? An féidir do dhuine a bheith glan i láthair a chruthaitheora?

Má fhéachann tú ár gcionta, a Thiarna, a Thiarna, cé rachaidh slán?

leanann sé dá bhuanghrá i leith na mílte, maitheann lochtanna, coir agus peaca; ach ní fhágann sé aon ní gan díolt, ag agairt cion na n‑aithreacha ar an gclann agus ar chlann na clainne go dtí an tríú agus an ceathrú glúin.”

Ar an taobh eile dhe níl duine ar domhan chomh fíréanta sin go ndéanann sé an mhaith i gcónaí agus nach ndéanann sé peaca in aon chor.

Mar ní fhíréanófar duine ar bith i bhfianaise Dé as an dlí a chomhlíonadh. Óir is aithne ar an bpeaca a thagann ón dlí.

Tá a fhios againn ar a shon sin nach ó chomhlíonadh an dlí a fhíréanaítear duine ach trí chreideamh in Íosa Críost, agus dá réir sin chuireamar féin ár gcreideamh in Íosa Críost ionas go bhfíréanófaí sinn de bharr ár gcreidimh ann seachas de bharr an dlí a chomhlíonadh, mar “ní fhíréanófar neach ar bith de bharr comhlíonadh an dlí”.

Má deirimid nach ndearnamar aon pheaca bréagnaímid é agus níl a fhocal ionainn.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí