Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 143:12

An Bíobla Naofa 1981

Déan mo naimhde a dhíothú as ucht do chineáltais; agus cuir ó mhaith a mbíonn ag déanamh cos ar bolg orm; óir is mé do sheirbhíseach, a Thiarna.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Is mise do ghiolla, a Thiarna, sea, is mac do chailín aimsire; scaoil tú mo chuibhreacha.

Is leat mé; déan mé a tharrtháil, toisc go lorgaim do phroiceapta.

Is ansa leat an t‑olc ná an mhaitheas, an t‑éitheach ná an fhírinne.

Óir d'éirigh lucht an díomais amach i m'éadan, agus tá daoine gan trua ar thóir m'anama; níl aird dá laghad acu ar Dhia. Selah

Fillfidh an t‑olc ar mo naimhde; díothaigh iad as ucht do dhílse.

Caith do chúram ar an Tiarna agus déanfaidh sé taca duit; ní leomhfaidh sé go mbainfear barrthuisle as an bhfíréan go brách.

Má théann daoine sa tóir ort agus iarracht a dhéanamh ar thú a mharú, beidh anam mo thiarna slán i dtiach na beatha ag an Tiarna, do Dhia; maidir le hanam do naimhde, caithfidh sé uaidh iad, mar a dhéanfadh clocha as crann tabhaill.

Dar an Tiarna beo,” arsa Dáiví, “déanfaidh an Tiarna féin an té sin a threascairt, cibé acu a thagann an bás air ar an bhfód, nó go dtéann sé amach chun catha agus bás a fháil ansin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí