Salm Dháiví. 1 Éist le m'urnaí, a Thiarna; éist le m'achainí as ucht do dhílse, freagair mé as ucht d'fhíréantachta.
Anois, a Thiarna Dia, coinnigh i gcónaí an gealltanas a thug tú do do shearbhónta agus dá theaghlach, agus déan mar a dúirt tú.
Chuir na díomasaigh gaiste i bhfolach romham; leath siad líon agus téada romham; chuir siad súil ribe romham sa tslí. Selah
Urnaí Dháiví. Éist le cúis chóir, a Thiarna; tabhair aird ar mo ghlór; tabhair cluas do m'urnaí nach dtagann as béal bréagach.
Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.
Fuascail mé i d'fhíréantacht agus saor mé; claon chugam do chluas agus tarrthaigh mé.
Má admhaímid ár bpeacaí, tá seisean dílis cóir agus maithfidh sé dúinn ár bpeacaí agus glanfaidh sinn ón uile olc.