Is ort a ghlaoim, a Thiarna; deirim: “Is tú mo dhídean; a bhfuil agam i dtír na mbeo.”
Caomhnaíonn sé an dream gan chealg; bhí mé ar lár agus shaor sé mé.
Chuimhnigh sé orainn nuair a bhíomar dár mbuaireamh, óir maireann a bhuanghrá go brách.
Óir chuaigh an namhaid sa tóir orm; threascair sé m'anam go huir; thug sé orm fanacht sa dorchacht ar nós daoine atá marbh le fada.
Éist liom gan mhoill, a Thiarna, óir tá mo mheanma á cloí. Ná cuir d'aghaidh i bhfolach orm, sula mbeinn cosúil leis an dream a ghabhann san uaigh.
Urnaí Dháiví. Éist le cúis chóir, a Thiarna; tabhair aird ar mo ghlór; tabhair cluas do m'urnaí nach dtagann as béal bréagach.
Shín sé anuas agus rug orm, agus tharraing as na tuilte móra mé.
Creidim go bhfeicfidh mé maitheas an Tiarna i dtír na mbeo.
Salm Dháiví an uair a theith sé óna mhac Aibseálóm.
Admhaím mo chion is mo pheaca; is buartha go fíor mé dá dheasca.
Is dídean dúinn Dia, agus is é ár neart é: is é ár gcúnamh go dearfa é le linn ár n‑anacra.
Fuascail mé ó lucht déanta na hurchóide agus saor mé ó lucht doirte fola.
Ná leag orainne coireanna ár sean agus ár sinsear; go dtaga do thrua inár ndáil gan mhoill mar tá srathair na hainnise ag brú orainn go dóite.
deir sé leis an Tiarna: “Mo dhídean is mo dhaingean tú; mo Dhia ina bhfuil mo dhóchas.”
Agus cé a dhéanfaidh lucht tofa Dé a chúisiú?
Ach sna cúrsaí seo go léir, beirimid an bua go caithréimeach tríd an té úd a thug grá dúinn.
(Seanfhocal le sinsireacht é: ‘Tagann an urchóid ón duine urchóideach,’ ach ní leagfaidh mise lámh ort.)