Ach d'fhreagair an giolla Dé an rí: “Fiú dá dtabharfá leath do thí dom, ní rachainn leat. Ní íosfaidh mé greim aráin ná ní ólfaidh mé deoch uisce san áit seo,
Cén fáth, a Thiarna, a bhfuil muid ar seachrán agat i bhfad ó do shlite, agus ár gcroíthe á gcruachan ionas nach eagal leo thú níos mó? Fill ar ais ar son do sheirbhíseach, ar son treibheanna d'oidhreachta.
“Ach ní ligfeadh Síochon rí Heisbeon dúinn gabháil trína fhearann; d'fhág an Tiarna do Dhia a spiorad crua agus a chroí dána, d'fhonn é a fhágáil faoi do láimhse, rud atá fós inniu.
Ná habradh aon duine nuair a chuirtear cathú air: “Tá Dia ag cur cathaithe orm,” mar ní féidir cathú chun oilc a chur ar Dhia agus ní chuireann sé féin cathú ar aon duine;
Ansin chuala guth eile ó na flaithis á rá: “Amach libh aisti, a phobal liom, i dtreo nach mbeadh sibh páirteach ina cionta, agus nach mbeadh cuid dá plánna le hiompar agaibh.