Ná géill, a Thiarna, do mhianta na n‑urchóideach; nár éirí lena mírúin mhailíseacha. Selah
scaoilfidh Dia a shaigheada leo go tobann, agus déanfaidh sé a ngoin gan choinne.
D'oscail sé clais agus thochail í ach thit sé sa pholl a rinne sé.
Tabharfaidh sé a n‑urchóid sa mhullach orthu, agus scriosfaidh iad lena mailís féin; millfidh an Tiarna ár nDia iad.
Is fionse beatha é béal an fhíréin, ach bíonn foréigean i bhfolach i mbéal an urchóidigh.
Tá beannachtaí an Tiarna ar cheann an fhíréin, ach tá an foréigean i bhfolach i mbéal an urchóidigh.
Trí choireanna a bhéil féin a ghabhtar an t‑urchóideach sa ghaiste; ach tagann an fíréan slán ón tubaiste.
Scriosann béal an amadáin é féin, agus is gaiste dó a bheola.
D'fhreagair an pobal ar fad: “Go raibh a chuid fola orainn féin agus ar ár gclann!”
mura mbeadh gurb eagal liom maíomh an namhad, le heagla go dtabharfadh a n‑eascairde breith bhréagach, le heagla go ndéarfaidís: “Tá an lá lenár neart! Níl aon bhaint ag an Tiarna leis seo go léir!”