Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 140:6

An Bíobla Naofa 1981

Chuir na díomasaigh gaiste i bhfolach romham; leath siad líon agus téada romham; chuir siad súil ribe romham sa tslí. Selah

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Alleluia Tugaim grá agus taitneamh don Tiarna, toisc gur éist sé le mo ghuí;

Dúirt mé, a Thiarna, gurb í mo chuid do bhriathra a choimeád.

Go n‑éiste do chluasa go haireach le mo ghlór ag impí ort.

Nuair a bhí mo spiorad á chloí istigh ionam, b'eol duit féin mo shlí. Sa tslí ina bhfuil mo shiúl cuireadh gaiste i bhfolach romham.

Breathnaím ar mo dheis agus feicim nach bhfuil neach ann a dhéanfadh cúram díom. Níl bealach éalaithe agam; ní chuireann aon neach spéis i m'anam.

Salm Dháiví. 1 Éist le m'urnaí, a Thiarna; éist le m'achainí as ucht do dhílse, freagair mé as ucht d'fhíréantachta.

Deirim leis an Tiarna: “Is tú mo Dhia. Níl maith ar bith agam cés moite díotsa.”

Cluinim cogarnach á déanamh ag a lán, agus imeagla i mo thimpeall. Cograíonn siad lena chéile i m'aghaidh: beartaíonn siad mo bhás.

Chuireadar eangach i bhfearas do mo chosa; rinneadar mé a ísliú. Thochail siad clais romham amach; ach thit siad féin inti.

Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví.

deir sé leis an Tiarna: “Mo dhídean is mo dhaingean tú; mo Dhia ina bhfuil mo dhóchas.”

Go gcluintear scread maidine as a dtithe nuair a bheireann tusa foghlaithe go tobann orthu. Óir thochail siad clais ghafa do mo ghabháilse; d'fholaigh siad líonta do mo chosa.

“Is é an Tiarna mo chuid den saol,” a deirim, “is ann mar sin a chuirim mo dhóchas.”

Seolfaidh mé an trian seo tríd an tine; glanfaidh mé iad mar a ghlantar airgead; promhfaidh mé iad mar a phromhtar ór. Glaofaidh siad ar m'ainm agus tabharfaidh mé freagra orthu. Déarfaidh mé leo: ‘Is iad seo mo phobal’; agus déarfaidh siadsan: ‘Is é an Tiarna ar nDia.’ ”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí