Fuascail mé a Thiarna, ón drochdhuine; cosain mé ar fhear an fhoréigin,
Nuair a labhraim ar son na síochána, tugann siad fúm gan fáth.
Scriosfaidh tú a sliocht den talamh agus a gclann as líon na ndaoine.
Tá urchóid agus cealg ina bhéal níl ciall aige don mhaith.
Seachnaíonn mo chomhluadar is mo chairde mé, agus fanann mo ghaolta i bhfad uaim, mar gheall ar mo chréachtaí.
Cuireann siad mo bhriathra as a ríocht i gcónaí; níl de rún acu ach dochar a dhéanamh dom.
Fuascail mé ó lucht déanta na hurchóide agus saor mé ó lucht doirte fola.
Is é mo charraig é, mo shlánú agus mo dhaingean; ní dhéanfar mo bhogadh.
Tá feall i gcroí lucht beartaithe oilc; ach tá lúcháir ag lucht síocháin a chur i gcrích.
Nuair a bhíonn comhcheilg ar siúl acu, bíonn a gcroí cosúil le sorn; mar bíonn a gcuid feirge ag cnádú léi ar feadh na hoíche go léir, ach ar maidin bladhmann sí amach ina caoiríl thine.
Asatsa a tháinig an bithiúnach de chealgaire a bheartaigh olc in aghaidh an Tiarna.