Ba mhian libh dóchas an bhochtáin a mhilleadh, ach is é an Tiarna a dhídean.
Breathnaím ar mo dheis agus feicim nach bhfuil neach ann a dhéanfadh cúram díom. Níl bealach éalaithe agam; ní chuireann aon neach spéis i m'anam.
A Thiarna, nach líonmhar iad mo naimhde! Tá mórán daoine ag éirí amach i m'éadan!
Éist liom is mé ag éamh ort, a Dhia na fíréantachta. D'fhuascail tú mé ó mo phianpháis, éist liom go trócaireach.
Go ndéana a mbíonn ar do lorg ríméad agus gairdeas ionat. Go ndeire an dream lenarb áil do chúnamh: “Moladh leis an Tiarna!”
Deirim le Dia, mo charraig, cén fáth a ndearna tú dearmad orm? Cad chuige dom triall go dobrónach is mo namhaid do mo chrá?
Do stiúrthóir an chóir. [Salm] chlann Chorach. Leis an bhfonn “Na Maighdeana...” Amhrán.
Tugann sé breith ar an gcruinne go cóir, agus ceart do na ciníocha go cothrom.
“De bhrí go ndúirt tú: ‘Is liomsa an dá chine agus an dá thír seo: rachaimid ina seilbh san áit ina mbíodh an Tiarna.”
Dá bharr sin tá dhá rud do-athraithe againn anois nach féidir do Dhia bréag a dhéanamh iontu. Tugann siad sólás mór dúinne atá tar éis teitheadh linn chun greim a bhreith ar na nithe a chuirtear mar ábhar dóchais romhainn.