Do stiúrthóir an chóir. [Salm le] Dáiví. Deir an t‑amadán ina chroí: “Níl aon Dia ann.” Tá siad truaillithe: déanann siad gníomhartha gránna; níl aon duine maith ann.
D'éirigh Forann agus a shearbhóntaí go léir agus na hÉigiptigh go léir san oíche agus tharla uaill olagóin san Éigipt mar ní raibh teach gan marbh ann.
Bhíomar go léir ar nós duine atá neamhghlan agus ár ndea-ghníomhartha uile mar ghiobail bhrocacha. Tá muid seargtha ar fad mar bheadh duilleoga, dár siabadh linn ag ár gcionta ar nós na gaoithe.
Mar rinne mo phobalsa coir dhúbalta: thréig siad mise, foinse an uisce bheo, agus thochail siad dabhcha dóibh féin, dabhcha pollta nach gcoinníonn uisce.
Nuair atá a leithéidí sin de ghealltanais againn, a mhuintir na páirte, glanaimis dínn gach smál coirp agus anama agus cuirimis ár naomhú i gcrích faoi eagla Dé.
Bhíomarna uile ar an mbuíon sin tráth, nuair a ghéillimis d'ainmhianta na colainne agus nuair a dhéanaimis riar na colainne agus a cuid smaointe. Bhí fearg Dé anuas orainne ó dhúchas chomh maith le cách eile.