Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 139:18

An Bíobla Naofa 1981

ní lia gaineamh na trá ná iad; dá mbeinn réidh leo bheinn farat go fóill.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Más siúl dom, más suan dom, feiceann tú; is eol duit mo shlite go léir.

Feicfidh mise, áfach, do aghaidh i bhfíréantacht, agus ag dúiseacht dom sásófar mé le radharc do ghnúise.

Nuair a ghlaoim ar an Tiarna os ard tugann sé freagra orm óna shliabh naofa.

A Thiarna, ná coinnigh do thruamhéil uaim go brách. Go ndéana do bhuanghrá agus d'fhírinne mo chaomhnú choíche.

Is aoibhinn don té a chuireann a dhóchas sa Tiarna; an té nach gcloíonn le huaibhrigh ná le déithe bréige.

Nach iomaí sin éacht a rinne tú, a Thiarna is mo Dhia! Níl aon neach inchurtha leatsa sna comhairlí a cheap tú dúinn. Dá mb'áil liom a n‑insint nó a n‑áireamh rachadh a gcomhaireamh díom.

Beidh saol ag do chuid marbhánach arís, éireoidh a gcoirp as an nua; músclaígí, déanaigí gairdeas, sibhse uile atá sínte sa láib; óir is geal é mar dhrúcht do dhrúchtsa, agus tiocfaidh sliocht ar thír na scáth.

a fuair bás ar ár son chun go mbeimis beo ina theannta, cibé acu beo nó marbh dúinn.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí