ní dorcha leatsa an dorchacht: is comhsholas duit lá agus oíche.
Tá Seól tarrnocht os a chomhair, Agus Abadón gan bhrat.
Níl dorchadas ná scáil bháis ann, Ina bhféadfadh lucht an oilc dul i bhfolach.
agus é ag teacht idir slua na hÉigipte agus slua Iosrael. Leis an néal agus an dorchadas chaitheadar an oíche gan teacht i ngiorracht dá chéile ar feadh na hoíche.
D'fhan an pobal i bhfad siar dá bhrí sin agus dhruid Maois leis an scamall tiubh dorcha mar a raibh an Tiarna.
Níl créatúr ar bith ann nach follas dó é; mar tá gach ní lom agus nocht do shúile an té sin a gcaithfimid cuntas a thabhairt dó inár ngníomhartha.