Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 139:11

An Bíobla Naofa 1981

Má deirim go bhfolóidh an dorchacht mé, agus go mbeidh solas an lae ina oíche umam,

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Agus d'éirigh sí meán oíche, agus thóg mo mhacsa ó mo chliathán agus d'ionailt ina codladh, agus chuir chuici ina hucht é agus chuir a mac marbh chugamsa i m'uchtsa.

Nochtann sé rúin as an dorchadas, Agus tugann an scáil dhorcha chun solais.

Níl dorchadas ná scáil bháis ann, Ina bhféadfadh lucht an oilc dul i bhfolach.

Agus deir siad: “Ní fheiceann an Tiarna é; ní thugann Dia Iacóib dá aire é.”

Is mairg dóibh siúd a théann i bhfolach go domhain d'fhonn a seifteanna a cheilt ar an Tiarna, ag beartú a gcealga sa dorchadas agus á rá: “Cé fheiceann sinn ná cé aithníonn sinn?”

An bhféadann aon duine é féin a fholach i gcúinne dorcha agus nach bhfeicfidh mise é? - an Tiarna a labhraíonn. Nach líonann mise neamh agus talamh? - an Tiarna a labhraíonn.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí