Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 137:2

An Bíobla Naofa 1981

Ar shaileoga na tíre sin chrochamar ár gcruiteanna.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Gabhaigí buíochas leis an Tiarna ar an gcruit; déanaigí ceol dó ar an gcláirseach dheichthéadach.

Canaimis go meidhreach do Dhia ár neart; tógaigí gártha gliondair do Dhia Iacóib.

Tá deireadh le meadhar na mbodhrán, agus críoch le callán lucht gairdis; tá deireadh le meadhar na gcláirseach.

Tabharfaidh mé ar do cheol agus ar d'amhráin cosc; ní chloisfear fuaim do chláirseach níos mó.

Déanfaidh mé údar bróin de bhur n‑oilithreachtaí agus is caointe a bheidh in bhur gcainticí uile; cuirfidh mé sacéadach um an uile leasrach, agus bearrfaidh mé bhur gcinn go léir. Beidh sibh ag caoineadh amhail is dá mba aonmhac a bhí á chaoineadh; agus is é an chríoch a bheidh air, lá searbh.

Agus ní chloisfear a thuilleadh ionat ceol na gcruitirí, ná na gcantairí, ná na bpíobairí ná na dtrumpadóirí. Ní bheidh ceardaí aon cheirde, le fáil ionat a thuilleadh; ná ní bheidh glór an mhuilinn le clos ionat feasta.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí