Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 136:5

An Bíobla Naofa 1981

Rinne sé na flaithis le feabhas a eagna, óir maireann a bhuanghrá go brách.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

I dtús báire chruthaigh Dia neamh agus talamh.

Rinne Dia an fhirmimint agus scar sé na huiscí a bhí faoin bhfirmimint ó na huiscí a bhí os a cionn. Agus bhí sin amhlaidh.

Thug Dia “neamh” ar an bhfirmimint. Ba shin an dara lá, an nóin agus an mhaidin.

Nach líonmhar iad d'oibreacha, a Thiarna! rinne tú gach aon ní le heagna; is comhlán an chruinne dá bhfuil déanta agat.

Go mbeannaí an Tiarna amach as Síón thú; is é a rinne neamh agus talamh.

Lena bhriathar a rinneadh na flaithis: le hanáil a bhéil na realtaí go léir.

Nuair a fheicim na spéartha, saothar do mhéar - an ré agus na réaltaí a rinne tú -

Is é a rinne an talamh lena chumhacht, is é a dhaingnigh an chruinne lena eagna, agus a spréigh amach na spéartha lena ghrinneas.

Is é a rinne an talamh lena chumhacht; is é a dhaingnigh an chruinne lena eagna, agus a spréigh amach na flaithis lena ghrinneas.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí