Agus thug ar Iosrael siúl anonn trína lár, óir maireann a bhuanghrá go brách.
Thug sé casaoid don Mhuir Rua agus thiormaigh sí; agus sheol sé trí na tonnta mar trí fhásach iad.
Roinn sé an mhuir is sheol sé trasna iad; chuir sé na huiscí ina seasamh ina mballa.
agus chuaigh clann Iosrael isteach i lár na farraige ar thalamh tirim agus na huiscí ina mballaí ar dheis agus ar chlé acu.