Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 135:9

An Bíobla Naofa 1981

Rinne sé comharthaí agus tuartha i gceartlár do thíre, a Éigipt in aghaidh Fhorainn is a lucht fónaimh go léir.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Rinne tú éachtaí agus míorúiltí in aghaidh Fhorainn, In aghaidh a shearbhóntaí go léir agus mhuintir uile a thíre; Óir bhí a fhios agat a theanntásaí a bhí siad leo. Thuill tú cáil duit féin a mhaireann fós inniu.

Threascair sé Forann agus a shlua sa mhuir, óir maireann a bhuanghrá go brách;

Rinne sé míorúiltí i bhfianaise a sinsear i dtír na hÉigipte, ar mhachaire Zoan.

Eisean a sheol amach iad agus a rinne éachtaí agus míorúiltí i dtír na hÉigipte agus ag an Muir Rua agus san fhásach ar feadh daichead bliain.

Ar thug aon Dia riamh faoi chine a ghabháil chuige féin ó chrioslach cine eile, le profaí, le comharthaí, le hiontais, le cogadh, le láimh láidir agus le géag ar tinneall? - na nithe sin go léir a rinne an Tiarna daoibhse, os comhair bhur súl san Éigipt.

agus thaispeáin an Tiarna comharthaí agus iontais mhóra uafara in aghaidh na hÉigipte agus Fhorainn agus a theaghlaigh go léir os comhair ár súl.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí