“Ar an lá atá á reiteach agam beidh siad ina maoineach agam, a deir Tiarna na Slua, agus beidh trua agam dóibh faoi mar a bhíonn trua ag duine don mhac a bhíonn umhal dó.
Is iad d'aithreacha, áfach, a ghlac an Tiarna i gcochall a chroí le barr grá; agus ina ndiaidh, thogh sé a sliocht, sibhse féin thar na ciníocha go léir mar a dhéanann inniu féin.
Agus tá an dearbhú seo déanta fútsa inniu ag an Tiarna: go mbeidh tú aige mar phobal ar leith leis féin, faoi mar a gheall sé duit, ach ar choinníoll go gcoimeádfaidh tú a aitheanta go léir;
Thug seisean é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal ar leith a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha.
Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.