Dúirt an rí liom mar sin: “Cén fáth a bhfuil aghaidh bhrónach ort os rud é nach bhfuil tú tinn? Ní foláir nó go bhfuil dólás éigin ar do chroí.” Tháinig eagla mhór orm ansin
Is é rud atá feicthe agam gur maith agus gur cóir don duine ithe agus ól agus aoibhneas a bhaint as an saothar uile a dhéanann sé abhus faoi luí na greine sa roinnt bheag laethanta a thugann Dia dó; mar is é sin a chinniúint.
Cad chuige a bhfuil mé ag síorfhulaingt, a bhfuil mo chneá gan leigheas, agus í doleigheasta? An mbeidh tú domsa amhail sruthán bréagach a bhfuil a uisce neamhbhuan?
Ag a naimhde atá an ceannas; tá a heascairde uile faoi rath; óir tá an Tiarna tar éis í a chiapadh de dheasca oll-líon a peacaí; tá a leanaí imithe ina gcimí os comhair a namhad amach.
Tá a salachar féin ar a sciortaí; níor mhachnaigh sí riamh ar a raibh i ndán dí; ó nach tubaisteach é a turnamh! Níl sólásaí ar bith aici. “Féach, a Thiarna, ar m'ainnise; is ag mo naimhde atá an bua.”
Agus is é a bhí breoite go deimhin agus i mbéala an bháis féin, ach rinne Dia trócaire air - agus ní air sin amháin é ach ormsa freisin mar gur shábháil sé ó bhrón ar bhrón mé.