Agus bheannaigh Dia iad á rá leo: “Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh agus cuirigí smacht air. Bíodh tiarnas agaibh ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir agus ar an uile dhúil bheo a chorraíonn ar talamh.”
Chuireadar beannacht ar Ribeacá agus dúradar léi: “A dheirfiúr linn, bíodh an rath ort! Go raibh na mílte de dheich mílte ar do shliocht! Go raibh seilbh ag do shíol Ar gheataí a naimhde.”
Ar ardú a shúl do Éasau, chonaic sé na mná agus na miondaoine. “Cé hiad seo i do theannta?” ar sé. “An chlann a bhronn Dia ar do shearbhónta,” arsa Iacób.
á rá: ‘Féach! cuirfídh mé an rath ort agus méadóidh mé do shliocht, agus déanfaidh mé baicle ciníocha díot agus tabharfaidh mé an tír seo do do shliocht i do dhiaidh mar shealús go síoraí.’
Ba ghaiscígh thréana iad clann Úlám, agus saigheadóirí. Bhí sliocht mór orthu féin, agus ar a sliochtsan arís, céad go leith díobh. Ba de chlann Bhiniáimin iad go léir.
Cuirfidh an Tiarna conách mór ort, i dtoradh do choirp, sa bhreis ar do bhólacht, agus i dtoradh d'ithreach sa tír a mhionnaigh an Tiarna do d'aithreacha a thabharfadh sé duit.
Bhí deichniúr is fiche mac aige agus deichniúr agus fiche iníon. Thug sé a iníonacha le pósadh lasmuigh dá fhine, agus thug deichniúr is fiche brídeog isteach chun a chlann mhac. Bhí sé ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh seacht mbliana.