Rinne sé chomh maith Halla na Ríchathaoireach mar a dtugadh sé breith, Halla na Breithe sé sin; bhí painéal d'adhmad céadair air ó urlár go fraitheacha.
Cheap Iahóiseáfát Léivítigh agus sagairt agus cinn finí Iosraelacha in Iarúsailéim le breith a thabhairt in ainm an Tiarna agus caingne a réiteach. Bhí [a gcúirt acu] in Iarúsailéim,
Nuair a bheidh sé ina shuí sa chathaoir ríoga, déanadh sé cóip den dlí seo - as leabhar faoi chúram na sagart Léivíteach - a scríobh dó féin i leabhar;
“Má thugtar cás faoi bhráid do bhreithiúnais i mbaile leat a bhíonn róchasta duit, cás faoi mharú, faoi chearta dlí, nó faoi ionsaí, ní foláir duit imeacht leat chun na háite a thoghfaidh an Tiarna do Dhia,