Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 12:6

An Bíobla Naofa 1981

“Toisc dearóile na ndealbh agus osnaíl na mbocht éireoidh mé féin anois,” arsa an Tiarna. “Tabharfaidh mé dóibh an slánú is mian leo.”

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Dia seo againn, tá a shlí gan cháim; níl fochall i bhfocal an Tiarna; is sciath é don mhuintir go léir a théann faoina dhídean.

Óir réab sé botháin na mbocht, Agus thóg seilbh ar theach duine eile in áit teach a thógáil dó féin.

Tá mianach ann don airgead Agus tine ann leis an ór a ghlanadh.

Tástáladh do bhriathar go dearfa agus is geal le do ghiolla é.

Is tríotsa a bhearnaím na sluaite; le cabhair Dé a ghabhaim de léim thar balla.

Tá dlí an Tiarna gan cháim: athbheonn sé an t‑anam. Is iontaofa í fianaise an Tiarna, a thugann eagna don fhíréan.

Óir is tú, a Dhia, a thástáil sinn, mar a thriailtear an t‑airgead sa tine.

Nuair a d'éirigh Dia a thabhairt breithiúnais, a tharrtháil daoine ísle na cruinne. Selah

Óir chuimhnigh an díoltasaí fola orthu, ní dhearna dearmad ar éamh na mbocht.

Ansin dúirt an Tiarna: “Chonaic mé an cruatan atá ar mo phobal san Éigipt agus chuala mé a screadaíl de bharr a saoistí saothair; is eol dom a bpianta.

Tháinig mé anuas chun iad a fhuascailt as lámha na nÉigipteach agus chun iad a sheoladh as an tír sin isteach i dtír mhéith fhairsing, i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, i dtír na gCanánach agus na Hiteach, na nAmórach agus na bPirizeach, na Hiveach agus na Iabúsach.

Ach dúirt an Tiarna le Maois: “Feicfidh tú anois féin céard a dhéanfaidh mise le Forann. Le láimh láidir, sea le láimh láidir, a chaithfidh sé ligean dóibh imeacht as a thír.”

Óir déanfaidh an Tiarna a gcúis a agairt, agus ídeoidh sé lucht a n‑ídithe.

Gach briathar a labhraíonn Dia, seasann sé trial na fírinne; is sciath é do gach duine a théann ar a choimirce.

“Éireoidh mé suas ina n‑éadan - briathar Thiarna na Slua - agus teascfaidh mé den Bhablóin a hainm agus a hiarsma. Gan síol gan sliocht a bheidh sí - briathar an Tiarna.

“Anois,” arsa an Tiarna, “táimse ag éirí, anois éireoidh mé i mo sheasamh, anois ardóidh mé mé féin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí