‘Rachaidh mé sa tóir orthu, agus béarfaidh mé orthu,’ arsa an namhaid. ‘Déanfaidh mé an chreach a dháil; sásófar mo chroí léi. Tarraingeoidh mé mo chlaíomh, agus scriosfaidh mo dheaslámh iad.’
Éileamh ar cheart ní dhéantar sa chúirt, ná ní théitear chun dlí go hionraic. Cuirtear muinín sa díomhaointeas agus cantar bréaga; gabhtar an míghníomh sa bhroinn agus saolaítear buaireamh.
“Feallann do dheartháireacha féin agus teach d'athar ort. Ar do chúl, lochtaíonn siad freisin thú go hoscailte. Ná cuir do mhuinín iontu nuair is cairde leat iad, mar dhea.”
“A mhic an duine, abair le prionsa na Tuíre: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Dúirt tú le teann mórchúise: Is dia mé, suím in ionad Dé i lár na farraige. Cé gur duine thú agus nach dia, measann tú bheith ar aon chéim le Dia.
Labhair agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mise i d'aghaidh, a Fhorainn, a rí na hÉigipte, a chrogaill mhóir, ag únfairt i lár srutháin na Níle, a deir: ‘Is liomsa féin an Níl, mise a rinne [í].’
Óir, le hainmhianta drabhlásacha collaí, bíonn siad ag mealladh na ndaoine d'éalaigh le déanaí ón muintir atá ag caitheamh a saoil ar seachrán, lena ngártha bladhmannacha baoise.
Iad sin lucht an mhonabhair a bhíonn ag gearán faoina gcinniúint, a ghéilleann dá n‑ainmhianta, a mbíonn clab orthu le huaill agus a bhíonn ag bladar le daoine ar mhaithe leo féin.”