Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 12:1

An Bíobla Naofa 1981

Do stiúrthóir an chóir. Ar chláirseach na n‑ocht dtéad. Salm Dháiví.

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

D'fhéach Dia ar an talamh agus, féach, bhí sé truaillithe, óir thruailligh an uile fheoil a slí ar talamh.

Maititiá, Eilífilaehú, Micnéiá, Obaed Eadóm, Íéil, Azaiziá - bhíodarsan leis an mbuille a ghabháil agus an lir ochtávach a sheinm.

Ní eagal liom na mílte daoine atá cruinnithe do gach leith i mo thimpeall.

Do stiúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. Mascil Dháiví

Do stiúrthóir an chóir. Le gléasanna téad. Ar chláirseach na n‑ocht dtéad. [Salm le] Dáiví.

agus tá m'anam á chéasadh go géar, ach tusa, a Thiarna, cá fhad...?

Is iomaí duine a deir go bhfuil sé féin dílis, ach cé a aimseoidh fear inmhuiníne?

Ach gur fhág Tiarna na Slua fuíoll áir, ba chuma sinn nó Sodom, ba le Gomorá ár samhail.

Téann an fíréan in éag agus ní mheabhraíonn aon duine ina chroí é. Tógtar lucht na caoindúthrachta ar shiúl gan duine ar bith a thabhairt aird air.

Éileamh ar cheart ní dhéantar sa chúirt, ná ní théitear chun dlí go hionraic. Cuirtear muinín sa díomhaointeas agus cantar bréaga; gabhtar an míghníomh sa bhroinn agus saolaítear buaireamh.

Bhreathnaigh mé timpeall; ní raibh duine le cuidiú liom; agus b'iontach liom nach raibh taca le fáil. Mo lámh féin mar sin a chuidigh liom, agus m'fhearg, is í a rinne taca dom.

Gabh anonn agus anall trí shráideanna Iarúsailéim, féach anois, agus bíodh a fhios agat, cuardaigh a cearnóga; má éiríonn leat fear a fháil, oiread agus fear a dhéanann an ceart agus a iarrann an fhírinne, tabharfaidh mise ansin maithiúnas di, [a deir an Tiarna].

Ach nuair a d'airigh sé chomh borb agus a bhí an ghaoth, rug an eagla air; thosaigh ag dul faoi uisce agus scread sé amach: “A Thiarna, saor mé!” ar seisean.

De dheasca an t‑olcas a bheith ag fás, fuarfaidh an grá ag a lán.

Agus tháinig siad chuige á mhúscailt ag rá: “A Thiarna, saor sinn, tá an bás againn!”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí