Seacht n‑uaire in aghaidh an lae a thugaim moladh duit as ucht do cheartbhreithiúnas.
Éirim um mheán oíche do do cheiliúradh, mar gheall ar d'fhoraitheanta córa.
Leathann do mholadh, ar nós d'ainm, a Thiarna, go críocha na cruinne. Is lán do dheaslámh d'fhíréantacht;
Ach glaofaidh mise ar Dhia agus saorfaidh an Tiarna mé.
Cloiseann Síón agus líonann sí d'áthas, agus tá lúcháir ar chathracha Iúdá as ucht do bhreithiúnas, a Thiarna.
Óir is fíor iad a bhreitheanna agus is cóir. Thug sé breith ar an striapach mhór a thruailligh an domhan lena striapachas. Agus rinne sé fuil a sheirbhíseach a agairt uirthi.”