Mise mé féin, is mé a thugann sólás duit. Cé hé tusa go bhfuil eagla ort roimh an duine, an duine ar dual dó an bás, an duine seo nach buaine é ná an féar?
Ach tá an Tiarna liomsa, curadh cumhachtach; ar an ábhar sin tuisleoidh lucht m'ionsaithe; ní chloífidh siad mé; brisfear orthu; beidh siad trína chéile, ní dhéanfar dearmad go brách ar a náire shíoraí.
Mar sin de, ní miste dúinn a rá go muiníneach: “Is é an Tiarna a thugann cabhair dom, ní bheidh eagla dá laghad orm. Cad is féidir le haon duine a dhéanamh orm?”
Lean Dáiví air: “An Tiarna a d'fhuascail mé ó lapaí an leoin agus na beithre, déanfaidh sé mé a fhuascailt ó láimh an Fhilistínigh seo.” Dúirt Sól le Dáiví: “Imigh, agus go raibh an Tiarna leat!”