Déan do chlaíomh a chrochadh ar do cheathrú, a churaidh: faoi mhaise agus gradam gabh amach go caithréimeach ar son focal na fírinne, an chreidimh is an chirt.
Dá bharr sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Beidh mo sheirbhísigh ag ithe, ach beidh ocras oraibhse; beidh mo sheirbhísigh ag ól, agus beidh tart oraibhse; beidh lúcháir ar mo sheirbhísigh, ach náire a bheidh oraibhse.
Ansin thug sé isteach ina theach iad agus chuir cóir bia os a gcomhair. Rinne sé féin agus a theaghlach gairdeas go raibh an creideamh faighte aige i nDia.
Déanaigí lúcháir i láthair an Tiarna bhur nDia, sibh féin, agus bhur gclann mhac agus iníonacha, bhur searbhóntaí fear agus ban, agus an Léivíteach a chónaíonn in bhur mbailte ó tá sé gan chuid gan oidhreacht in bhur measc.