Thimpeallaigh na ciníocha go léir mé; threascair mé in ainm an Tiarna iad.
Chrioslaigh tú le neart mé chun catha, agus threascair tú an dream a bhí i m'éadan.
Chuir tú ruaig is raon maidhme ar mo naimhde agus mhill tú an drong a thug fuath dom.
Tháinig do dhíbheirg orm anuas, agus rinne do sceimhle mo scriosadh.
Bíonn siad i mo thimpeall de shíor amhail tuile; tagann siad uile i mo thimpeall in éineacht.
Ar an lá sin, déanfaidh mé cloch thógála de Iarúsailéim do na náisiúin go léir; na daoine a thugann iarracht ar í a thógáil suas, gortóidh siad iad féin go mór, agus cruinneoidh náisiúin uile an domhain ina haghaidh.
Tháinig na ríthe seo go láthair choinne agus chomhdhála agus shuíodar a gcampaí le hais a chéile ag uiscí Mhaeróm chun troid in aghaidh Iosrael.