Alleluia. Tugaigí moladh, a lucht freastail an Tiarna; molaigí ainm an Tiarna!
Alleluia. Is aoibhinn don fhear ar a mbíonn eagla an Tiarna; a thugann taitneamh dá aitheanta uile.
Amhrán Oilithreach. 1 Téanaigí agus molaigí an Tiarna, a sheirbhíseacha uile an Tiarna a bhíonn in bhur seasamh i dteach an Tiarna, i gcúirteanna theach ár nDé.
a theaghlach Léiví, tabhair moladh don Tiarna; a lucht adhartha an Tiarna, tabhair moladh dó.
Ceiliúrfaidh d'oibreacha uile thú, a Thiarna; agus beannóidh do dhaoine dílse thú.
Tiománfaidh an t‑olc an t‑éagráifeach chun a bháis, agus daorfar lucht fuatha an fhíréin.
Óir déanfaidh Dia Síón a shaoradh agus atógfaidh sé cathracha Iúdá.
Agus tháinig guth ón ríchathaoir amach á rá: “Molaigí bhur nDia, a sheirbhíseacha go léir leis, sibhse ar a bhfuil a eagla, idir bheag agus mhór.”