Is dílis daingean a chroí gan eagla; feicfidh sé a naimhde á dtreascairt.
Tá an Tiarna i m'fhochair; ní baol dom. Cad a dhéanfaidh an duine dom?
Tá an Tiarna i m'fhochair ag cuidiú liom; beidh mo naimhde romham faoi tháir.
Fan leis an Tiarna go meanmnach; bíodh misneach i do chroí. Cuir do dhóchas sa Tiarna.
Tugaigí grá don Tiarna, a naomha uile; caomhnaíonn sé na dílsigh. Ach díolann sé an comhar go hiomlán le lucht an díomais.
Fan leis an Tiarna; bí dílis dó agus tabharfaidh sé ardú céime duit, go mbronnfaidh ort seilbh na talún; agus feicfidh tú díothú na n‑urchóideach.
Cén fáth a mbeadh eagla orm lá an oilc agus mioscais lucht ceilge i mo thimpeall -
Is duitse a thabharfaidh mé moladh óir is tú mo Dhia is mo dhaingean.
Óir ní gá duit ach féachaint i do thimpeall, chun go bhfeice tú cúiteamh na bpeacach.
Thug tú dom neart an daimh allta, agus dhoirt tú ola úr orm anuas.
Tá mallacht an Tiarna ar theach an drochdhuine, ach cuireann sé a bheannacht ar áitreabh na bhfíréan.
Ná cuirtear ar seachrán sibh le gach saghas teagaisc strainséartha. Is fearr an croí a neartú le grásta [Dé] ná le cúrsaí bia nach ndeachaigh chun sochair do na daoine a bhíodh ag plé leo.