Beidh a shliocht siúd go tréan ar talamh; is beannaithe clann an duine ionraic.
Daingneoidh mé mo Chonradh idir mé agus tú, agus do shliocht i do dhiaidh, glúin ar ghlúin; beidh sé mar Chonradh síoraí mise a bheith i mo Dhia agatsa agus ag do shliocht i do dhiaidh.
Tar éis bháis d'Abrahám, chuir Dia a bheannacht ar a mhac Íosác, agus bhí cónaí ar Íosác i gcomharsanacht Thobar an Bheo a Fheiceann.
ach bíonn tusa gan claochlú gan críoch le do laethanta.
Mairfidh a anam faoi shéan agus faoi shonas agus gheobhaidh a shliocht an talamh.
Bíonn sé fial i gcónaí; tugann sé iasacht uaidh, agus beannófar a shliocht dá éis.
Déan deimhin de, ní rachaidh an t‑urchóideach as gan phionós; ach déanfar lucht na fíréantachta a fhuascailt.
Fágann an fear maith oidhreacht ag sliocht a shleachta; ach is ar mhaithe leis an bhfíréan a bhíonn maoin an pheacaigh á cnuasach.
An fíréan a bhfuil a bhealaí gan cháim, is méanar dá chlann ina dhiaidh.
Tabharfaidh mé malairt chroí dóibh agus malairt iompair, le go mbeidh mo eaglasa orthu go brách, ar mhaithe leo féin agus lena gclann ina ndiaidh.
as óir deich seicil lan de thúis;
mar is daoibhse agus do bhur gclann atá an gealltanas úd agus dóibh siúd freisin atá i bhfad ar shiúl - don uile dhuine dá nglaofaidh ár nDia chuige.”