Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 112:1

An Bíobla Naofa 1981

Alleluia. Is aoibhinn don fhear ar a mbíonn eagla an Tiarna; a thugann taitneamh dá aitheanta uile.

Féach an chaibidil Cóip

25 Tagairtí Cros  

chuir Acháb fios ar Obaidiá, reachtaire an pháláis, agus fear a raibh an-urraim aige don Tiarna.

Alleluia. Gabhfaidh mé buíochas le Dia ó chroí, i gcomhdháil agus i gcomhthionól na bhfíréan.

Is é tús na heagna eagla Dé - is ciallmhar iad lucht a adhartha; mairfidh a mholadh go brách.

Gairdím i slí d'fhorálacha amhail san uile shaibhreas.

Tháinig anuas orm diachair agus dochraide; faighim m'aoibhneas i d'aitheantasa.

Tabharfaidh mé taitneamh do do reachtanna; ní dhéanfad dearmad ar do bhriathra.

Treoraigh mé ar chosán d'aitheanta, óir is ann atá mo thaitneamh.

A, nach aoibhinn liom do dhlí, a Thiarna; is ábhar machnaimh dom de shíor é.

Amhrán Oilithreach. 1 Is aoibhinn do chách lenarb eagal an Tiarna, agus a shiúlann ina shlite.

Déanann sé toil an dreama lenarb eagal é; éisteann sé lena n‑éamh agus fóireann orthu.

Alleluia. Molaigí an Tiarna toisc gur maith é; canaigí Salm dár nDia toisc gur grámhar é; is dósan is dual ár moladh.

Alleluia. Molaigí Dia ina ionad naofa! Molaigí é i bhfirmimint a chumhachta!

ach féach, dúirt mé: “Seo ag teacht mé! i rolla an leabhair tá sé scríofa fúm

De bhrí go raibh eagla Dé ar na mná cabhartha, bhronn sé sliocht orthu.

óir, d'ainneoin go ndéanann an peacach drochghníomh céad uair, bíonn saol fada aige. Mar sin féin is eol dom an nath seo: éireoidh go maith leo siúd a bhfuil eagla Dé orthu go díreach toisc a eagla a bheith orthu;

Aon duine in bhur measc a bhfuil eagla air roimh an Tiarna, éisteadh sé le glór a Ghiolla! An té a shiúlann sa dorchadas agus gan léas le feiceáil aige, cuireadh sé a mhuinín in ainm an Tiarna, baineadh sé taca as a Dhia.

agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin dóibh seo ar a mbíonn a eagla.

Mar is aoibhinn liom dlí Dé i mo chroí istigh

Gabhann an bás leis an meon collaí ach is beatha agus síocháin a ghabhann leis an meon spioradálta.

“Beidh beannacht ort sa chathair, agus beannacht ort faoin tuath.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí